School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 354

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 354

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 354
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá lios ar do slighe isteach go dtí Dungarbhán agus tá trí cladhthacha timpeall air. Fadó bhíodh síóga ann i gcónaí. Bhí bean pósta gairid dóibh agus bhí cailín beag amháin aice. An lá seo bhí an cailín beag ag bailiú bataí beaga i gcomhair na tine.
    Tháinigh bean amach as an lios agus thug sí an cailín beag isteach sa lios agus bhí sí ag béice istigh. "Ó Dia linn" arsa sí. "Sí mo pháiste atá ann" agus thosnaigh sí ag béice. Tháinigh ceann des na síóga amach agus dúirt sí léi "an leatsa an páiste atá istig anseo".
    Dúirt an síóg "thugamar bia di agus ní íosfadh sí é". Bhí áthas ar an máthair nuair a fuair sí an cailín thar n-ais.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás de Róiste
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    60
  2. Bhí fear ann fadó. An lá seo bhí sé amuigh sa pháirc agus bhí sé ina codladh agus ghuaidh aircluachra isteach ina bhéal agus ní raibh a fhios aige cad a bhí air. Nuair a íosfadh sé aon rud bheadh ocras air arís. Chuaidh sé go dtí ana-chuid dochtúirí cad a bhí air.
    An lá seo bhí sé ag beirbhiughadh prátaí. D'fhéach sé ar na prátaí agus tháinigh an aircluachra amach as a bhéal isteach ins na prátaí. Ansan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.