School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht mar nuair a bhí an troid in Éirinn do chuir sé baraille óir i bhfolach agus nuair a chuaidh sé á lorg ní bhfuighead sé d'fhágailt agus bhí fhios aige an áit ina raibh sé i bhfolach aige.
An lá seo bhí sé thíos sa trá agus bhí seana-chapall aige chonaic sé an sceon sa chapall agus d'fhéach sé anáirde sa bhfoill agus chonaic sé píosa den fhoill ag tuitim agus thuit an barraile óir anuas.

1. Barraile bán is dá saghas bia ann.
Ubh.
2. Bóithrín cumangh is a dhá thaobh dúnta.
Cóifin.
3. Teachtaire beag ó tigh is bíonn sé amuigh san oíche.
Casán.
4. Comh h-árd le faille, comh dearg le fuil, comh bán le bainne, comh milis le mil.
Úl.
5. Bó h-uarach h-árach, bó cárach liath bó cuireadh stails an capall agus a mhuithseár ina dhiaidh.
Tráiléir.
6. Chuaidh mé suas an bóithrín, chuaidh mé síos an bóithrín is thug me an bóithrín ar mo dhrom.
Dréimire.
7. Comh h-árd le caisleán is raghadh sé isteach fé béal cupán.
Liathróid snáith.
8. Toibrin fíor uisce ag fíor bhán na sléibhe fuinneóigín gloine is duirisín cré.
Súl

Collector
Eibhlín Nic Craith
Gender
female
Age
12
Address
Knockanpower Lower, Co. Waterford
Language
Irish