Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht ar fad. An lá seo ní raibh aon uisce istigh aige agus dúirt sé leis féin go mba mhaith an rud dul go dtí an tobar agus buicéad uisce a thabhairt abhaile leis. Chuaidh sé go dtí an tobar agus díreach nuair a bhí an buicéad líonta aige. D'imigh an buicéad anáirde sa spéir. Cúpla lá ina dhiaidh san tháinigh fear isteach cuige leis an mbuicéad agus sé an rud a dúirt an fear ná "Aingeal a thógaint is an diabhail a thabhairt thar n-ais".
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí bean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. Bhí sí ag ithe prátaí an lá sa agus d'fhéach sí amach tríd an fhuinneóg agus chonnaic sí bean álainn amuigh. Tháinigh an bean isteach tríd an bhfuinneóg agus dúirt sí leí dhá phráta a thabhairt di agus cupán min bhuidhe. Thug an bean bocht di é agus d'imigh an bean álainn amach tríd an bhfuinneóg. An tráthnóna san chuaidh an bhean go dtí an tobar agus ar a slí abhaile di fuair sí bás.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »