School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear bocht ann fadó agus ceannuig sé péire bróga nua. Chuaidh sé an lá sa ag gearradh aitinn agus péire sean-bhróg a bhí air agus nuair a bhí sé díreach ag tosnú ar é gearradh thug sé scealp den mbilleóg anuas ar a chos agus ghearr sé a ordóg de féin. Chuireadh go dtí an ospidéal é agus an lá a chuaidh a bhean chun é a thabhairt abhaile dúirt sé leí "Bhí an scéal dona go leor ach beadh sé níos measa dá gcuirim mo bhróga nua orm".

Do bhí fear ann fadó agus ní chuireadh aon rud in iúl dó go raibh sióga na liosanna ann. Do bhí sé an oíche seo ag gabháilt thar lios agus bhí fear eile leis. "An chuigheann tú an ceol deas?" arsa an fear eile leis. D'airigh sé é ach níor lig sé air gur airigh sé ar aon chur é agus dúirt sé leis an fear "Níor airigh mé".
Bhíodar an tarna oíche ag gabhailt thar an lios agus tharraingeadh an fear ná chreid ins na sióga síos san lios agus ní fhacha aoinne ó shoin é.

Collector
Eibhlín Nic Craith
Gender
female
Age
12
Address
Knockanpower Lower, Co. Waterford
Informant
Deaglán Ó Gríobhtha
Gender
male
Age
52
Address
Shanacloon, Co. Waterford
Language
Irish

Nuair a bhí an teampall thíos ag an Seana Chill á leagadh ag muintir Shasana do tháinigh fuil amach as na fallaí

(continues on next page)