School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí lios sa Rinn fadó in áit éigin ins na failltreacha a bhí sé. Lá amháin chuaidh fear síos na failltreacha agus ní raibh fhios aige go raibh an lios ann. Níorbh fhada go bhfaca sé an lios ag oscailt agus tháinigh beacha amach 'na gcéadta.
Ansan tháinig fear beag amach agus thug sé leis an fear isteach. Nuair a chuaidh sé isteach chaith sé dul síos staighre mór. Nuair a bhí sé ag bun na staighre chuaidh sé isteach in seomra agus bhí na síoga ag rinnce agus ag amhrán. Coiméadtar sa lios é ar feadh trí bliana agus nuair a bhí sé ag teacht amach thug na síoga cróca óir.

Collector
Siobhán Ní Lonáin
Gender
female
Age
13
Address
Mweelahorna, Co. Waterford
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
40
Address
Mweelahorna, Co. Waterford
Language
Irish

Fadó nuair a bhí an Slua ag imeacht timpeall do bhí fear ann agus bíodh sé amuigh an-déanach istoíche. An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé an slua ag teacht agus thosnuigh sé beir ceann aca air agus tharraing siad leo é.

(continues on next page)