Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 295

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 295
  3. XML “Lios”
  4. XML “An Slua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lios sa Rinn fadó in áit éigin ins na failltreacha a bhí sé. Lá amháin chuaidh fear síos na failltreacha agus ní raibh fhios aige go raibh an lios ann. Níorbh fhada go bhfaca sé an lios ag oscailt agus tháinigh beacha amach 'na gcéadta.
    Ansan tháinig fear beag amach agus thug sé leis an fear isteach. Nuair a chuaidh sé isteach chaith sé dul síos staighre mór. Nuair a bhí sé ag bun na staighre chuaidh sé isteach in seomra agus bhí na síoga ag rinnce agus ag amhrán. Coiméadtar sa lios é ar feadh trí bliana agus nuair a bhí sé ag teacht amach thug na síoga cróca óir.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Lonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
  2. Fadó nuair a bhí an Slua ag imeacht timpeall do bhí fear ann agus bíodh sé amuigh an-déanach istoíche. An oíche seo bhí sé ag teacht abhaile agus chonaic sé an slua ag teacht agus thosnuigh sé beir ceann aca air agus tharraing siad leo é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.