School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 202
- XML “Fear ag Baint Aitinn”
- XML “An Bhean Shaibhir”
- XML “An Rud is Annamh is Iontach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a dtiocfaidh is a dtáinig riamh, imtheochaidh mise agus tusa, agus beidh an t-aiteann ag fás in ár ndiaidh. Annsan leig an feirmeoir do an t-aiteann a bhaint. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois.
- An Bhean Saidhbhir
Bhí bean ann fadó, agus bhí sí an-shaidhbhir, nuair a bhí sí timcheall 90 blian d'aois thuit sí tinn. Bhí cailín aimsire aici, agus bhíodh sí ag tabhairt aireachais di. Bhí sí an-thinn ar fad, annsan bhí sí ag fág[h]ail bháis agus dubhairt sí leis an gcailín go raibh 10,000 púnt sa seomra 'na raibh sí. Dubhairt sí léi é a d'fhág[h]ailt agus é a bheirbhiú in bainne agus go n'ólfhadh sí é.
'Sé an rud a dhein an cailín ná an £10,000 a choimeád, agus dhein sí an bainne a bheirb[h]iú agus chuir sí púnt ime sa mbainne chun é a dhéanamh bhuidhe. Thug sí di é agus d'ól sí é, annsan fuair sí bás, agus bhí an £10,000 ag an cailín. Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian d'aois.- Collector
- Siobhán Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- An rud is annamh is iongantach
Dh'airig mé m'athair agus fear eile ag cainnt an oidhche fé dheire. Fadó is min bhuidhe a thugadh na feirmeoirí dos na fearaibh aimsire. Uair amháin bhí beirt fear ag obair(continues on next page)