(continued from previous page)
"Is cuma a mhic óg tá mé ins na flaitheas".
Tá sprid an gabha sin le feiscint i gConntae Ciarraí.
An Súinéir agus an Leanbh Íosa
D-inis mo uncal scéal deas dom Oíche Nollag, sé seo an scéal.
Bhí lánamha pósta ann agus bhíodar ana bhocht. Súinéir dob eadh agus bhíodh sé ag déanamh tighthe de adhmad. An oíche seo nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonaic sé páiste bocht dealbh caite anáirde ar an chlaidhe.
Thug sé abhaile é agus chuir sé isteach ina leaba féin é. An maidin ina dhiaidh sin nuair a dhúisigh an fear bhí an páiste imithe. Bhí fhios aige ansan gurab é Íosa Críost a bhí ann.