School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 305

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

h-inghean féin Brighdhe a bhí tar éis báis le trí bliain. Do chuaidh an bean bocht abhaile agus chuaidh sí a codladh ach bhí an gearrcaile istigh sa leaba agus an t-aon focal amháin á rá aici "Paidir, paidir". Ansan timpeall a dhá buile déag d'imigh an sprid.

Bhí bean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. An lá seo ní raibh aon rud le n-ithe aici. Tháinigh bean go dtí an doras ag lorg lóistín ar feadh na h-oíche.
Dúirt an bean bocht léi teacht isteach agus go bhfaigheadh sí suí ar an gcathaoir cois na tine go dtí maidin ach ná raibh aon rud le n-ithe sa tigh aici a thabharfadh sí di.
Tháinigh an bean isteach agus shuí sí ar an gcathaoir cois na tine agus chuaidh an bean bocht eile a codladh. Nuair d'éirigh an bean bocht ar maidin bhí an bean a bhí ar an gcathaoir imithe agus bhí an bórd leagtha amach le gach saghas bia.

Collector
Eibhlín Nic Craith
Gender
female
Age
12
Address
Knockanpower Lower, Co. Waterford
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Age
44
Address
Knockanpower Lower, Co. Waterford
Language
Irish

Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí a guid. Ní raibh a fhios ag aoinne cá raibh as an fear agus bhí na Gárdaí leath-marbh ag iarraidh d'fháil amach.
An oíche seo chuaidh na Gárdaí amach ag faire ar an bhfear féachaint a bhfaigheadh siad greim d'fhághailt air. Tháinigh an fear agus nuair a bhí sé

(continues on next page)