School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí bean ann fadó, agus bhí sí an naomhtha. Gach oidhche bhíodh sí ag siubhal síos agus suas thar an roilig agus bhíodh paidrín 'na láimh aici. Bhíodh sí gléasta in éadach dubh i gcómhnuidhe. An oidhche seo, chuaidh sí go dtí an roilig, agus bhí sé thimcheall a t-aon bhuile déag. Bhí fear ag teacht anuas an Oidhche na Marbh ba eadh é. Shíl an fear gur sprid a bhí ann, bhí guna aige agus lámhaidh sé an bhean.

Bhí fear ann fadó, agus bhí dúil mór aige in feoil. Bhí 32 caoire aige, agus gach lá marbhuigeadh sé caoire agus d'itheadh sé é. Annsan bhí gach caoire marbh acht ceann amháin agus ní leigeadh a máthair do é a marbhú.
An oidhche seo chuaidh sé anáirde ar an lochta. Oidhche Naomh Mártan ba eadh é. Ní raibh fhios ag an máthair go raibh se anáirde ar an lochta, agus leig sé air gur Naomh Mhártan a bhí ann, 'sé an rud a dubhairt sé ná Is misé Naomh Mártan atá annso anocht, agus muna leigidh tú dod mhach an caoire a mharbhú, geobhaidh tú bás seachtmhain

(continues on next page)
Collector
Siobhán Ní Lonáin
Gender
female
Age
11
Address
Mweelahorna, Co. Waterford
Informant
(name not given)
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
female
Age
58
Language
Irish