School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 203

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 203

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 203
  3. XML “An Rud is Annamh is Iontach”
  4. XML “Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i dtig feirmeora, ní bhíodh aon arán, ná im, ná siúcre leagtha ar an mbórd.
    Domhnach Cásca leag bean a tighe an t-arán agus pláta ubh agus rudaí eile ar an mbórd, shuidheadar síos agus d'itheadar gach rud ach amháin an siúcre. Annsan dubhairt ceann aca leis an gceann eile, "cad a íosfhaimíd anois.
    Dubhairt an fear eile go n-íosfhaidís an siúcre, bhí an fear díreach ag cur a láimhe isteach sa siúcre nuair a tháinig bean a thighe isteach, agus sé an rud a dubhairt sí ná ,"an rud is annamh is iongantach". Fuair mé an scéal seo ó m'athair. An Rinn. 56 blian.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sprid
    Bhí bean ann fadó, bhí inghean amháin aici. Cáit b'ainm di. Nuair a bhí Cáit timcheall a cúig bliana déag d'aois fuair a máthair bás. Ní raibh aoinne aici annsan agus chaith sí dul ag obair go dtí sna feirmeoirí. Gach oidhche nuair a bheadh an té ólta aici chaitheadh sí dul go dtí tobair fé dhéin uisge. Nuair a theigheadh sí síos bhíodh rud éigin ag eitilt timcheall uirthe.
    An oidhche seo chuaidh sí síos, agus díreach nuair a bhí sí ag cuir an buicéid ar a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Lonáin
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Waterford