Bhí fear ann fadó agus bhí sé bodhar ó rugadh é. An oíche seo bhí sé an-tinn agus tháinigh bean isteach agus chuir sí fios ar an dochtúir. Nuair a tháinigh an dochtúir bhí an fear ina shuí ag an teine roimhe agus é ag amhrán. Labhair an dochtúir leis agus ní raibh fhios ag an fear cad a bhí í rá aige. D'imigh an dochtúir leis ansan agus tháinigh an bean isteach agus dúirt sí "D'airigh tú cad dúirt an dochtúir? Droch rud a dúirt sé? Ach dúirt an fear "Rud ná cloiseann an cluas ní chuireann sé buairt ar an gcroí.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí sean-bhean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. An lá seo bhí sí ag déanamh císte agus nuair bhí sé déanta aici d'imigh sí amach sa macha agus nuair a tháinigh sí isteach bhí an císte imithe. Cuaidh sí siar sa seomra agus bhí sí ag caoineacháin go bhfuair sí bás. Nuair a bhí na fir á chuir ní ragadh an coifin síos san uaigh agus sé an rud a dheineadar ná é caitheamh isteach sa bhfairrige.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »