School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 261

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 261

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 261
  3. XML “An Fear agus an Buicéad”
  4. XML “An Bhean Álainn agus An-Bhocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht ar fad. An lá seo ní raibh aon uisce istigh aige agus dúirt sé leis féin go mba mhaith an rud dul go dtí an tobar agus buicéad uisce a thabhairt abhaile leis. Chuaidh sé go dtí an tobar agus díreach nuair a bhí an buicéad líonta aige. D'imigh an buicéad anáirde sa spéir.
    Cúpla lá ina dhiaidh san tháinigh fear isteach cuige leis an mbuicéad agus sé an rud a dúirt an fear ná "Aingeal a thógaint is an diabhail a thabhairt thar n-ais".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean ann fadó agus bhí sí an-bhocht. Bhí sí ag ithe prátaí an lá sa agus d'fhéach sí amach tríd an fhuinneóg agus chonnaic sí bean álainn amuigh. Tháinigh an bean isteach tríd an bhfuinneóg agus dúirt sí leí dhá phráta a thabhairt di agus cupán min bhuidhe. Thug an bean bocht di é agus d'imigh an bean álainn amach tríd an bhfuinneóg.
    An tráthnóna san chuaidh an bhean go dtí an tobar agus ar a slí abhaile di fuair sí bás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Nic Craith
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
    Informant
    Deaglán Ó Gríobhtha
    Gender
    Male
    Address
    Seanchluain, Co. Waterford