School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 221
- XML “Bean Bhocht”
- XML “An Spideog”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chlog. Chuaidh sí go dtí tig agus bhí na daoine a bhí ann ana-shaidhbhir agus thugadar cúig scillinge di. Chuaidh sí go dtí an tig seo gach oidhche chun airgid a fhághailt agus bhí na daoine craidhthe aici. Chuireadar madra ag an ngeata agus chuireadar páipéar air. Nuair a tháínig an bhean agus nuair a chonnaic sí an rud an an ngeata tháinig scannradh uirthe agus fuair sí bás.
An mhaidean ina dhiaidh sin chonnaic gárda í ar t[h]aobh an bhóthair agus chaith muinntir an tighe 200 púnt a thabhairt mar gheall ar an rud a dhéineadar.
Fuair mé an scéal seo ó mo m[h]áthair. 43 blian. - D'airigh mé scéal an oidhche fé dheire mar gheall ar an spideóg.
Nuair a bhí Ár dTighearna ar an gcrois tháinig spideóg agus bhí sé ag iarradh na tarngaí do tarraingt ón gcrois. Nuair a bhí sé ann thuit braon fola ar a brollach agus sin é an chúis gur thugadh spideóg leis an mbrollach dearg air.
Deir na sean daoine nach ceart spideóg a mharbhughadh na cloch a chaitheamh leis mar gur peacadh é.- Collector
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford