School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon tobar beannuithe sa pharóiste seo agus Tobar Phádraig a tugtar air. Tá sé in aice an sean mainistir úd i mBaile an Tobair. Bhíodh leighiseanna ann tráth i gcóir súile breoidhte acht nigh sean-bhean a cosa san tobar agus níl leigheas ar bith ann ó shoin.
Tá sgeach mór ar chúl an tobair. Ní óladh aoinne an t-uisge nuair a bhíodh leigheas ann, acht thugadh siad cuid de'n uisge abhaile agus nuair a bhéadh duine gonta na geárrtha chuireadh siad cuid de'n uisge isteach san gearr. Óltar an t-uisge anois. Nuair a gheibheadh duine leigheas san dtobar d'fhágadh sé rud eicin ag an tobar; e.g. a phaidrín. Níl iasg ar bith le fágháil sa'n tobar.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo