School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is maith liom Mí an Meithimh i gcómhnuidhe mar bíonn na laethannta breágh fada. Caitheann muid leath de'n lá i scoil acht mar sin féin bionn na tráthnontaí fada go leor taréis teacht abhaile dhúinn acht ná bí ag ceapadh go mbíonn mé diamhaoin mar bíonn mé ag obair go dtí a naoi nó a deich a chlog. Uaireannta nuair a bím tuirseach ba mhaith liom go dtiocfadh an tráthnóna fluich.'Na dhiaidh sin is uile is maith liom an Mheitheamh mar bíonn chuile rud go breágh glas. Bíonn na crainnte clúduighthe le duilleabhair agus bíonn na barraí uilig ós cionn talmhan. Bíonn an féár ag luasgadh fé'n gaoth bog úr agus bíonn an giolcach ag siosmarnach agus ag cainnt leis féin, shílfeá.
- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo