School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iongantach an rud é an fharraige. Is iongantach mar a imthigheann an taoide amach 's mar a thagann sí isteach fá dó sa ló. Duntear go btuileann agus go dtrágann sí fá dó sa ló. Im' shuidhe an cnocáinín aenach dom cois cladaigh agus mé ag breathnú amach thar an fharraige ciúin nuair a tháinig na smaointe sin isteach im' aigne.
Tá an fharraige cómh cothrom le bárr leamhnachta ar feadh mo shean-radhairc. Ní raibh fuaim dá laige le cloistéal acht glór na dtonn ag briseadh ar an dtráigh. Tá bholadh sláinteamhail na fairrge le n-aireachtáil in mo thimcheall. Tá na faoilínín bána ag eiteall thar agus iad ag sgreadaighil go h-otrach. Céard ata ar siubhal acu? Ag soláthar bidh i mbéal na tuinne. Nach iad atá craocach- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo