School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 406

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 406

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 406
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Éamonn Ó’Dómhnaill - 14 bliana - páisde scoile - as na Brocachaí, Clochan Liath. Fuair sé an sgéal seo Máire Ní Dómhnaill as Ucht Mín i gClochan Liath. Tá sí 80 bliana. Samhain 1936. - Scríobhtha annseo 12/36.
    Trathnóna amháin bhí fear as na Rosaibh ag cuartughadh caorach. Ní theachaidh se i bhfad go dteachaidh sé ar seachran. Thainig an oidhche air agus ní rabh fhios aige ca rabh sé. Shuidh sé síos ar charraig agus chonnaic sé solus i bhfad uaidh. Tharraing sé ar an solus. Fear a bhí ann agus [lanntaer]? leis ag cuartughadh a chuid ealaigh. D’innis sé do go rabh sé ar seachran agus nac rabh fhios aige ca rabh sé anois. D’iarr an fear air a dhul leis. Chuaidh. Chonnaic siad solus eile agus d’innis an fear do gur b’é sin a theach-sa agus d’iarr air a dhul ann go maidín nach mbeadh sé fhéin i bhfad go mbeadh sé arais. D’iarr sé air innse do Bhean a’ Toighe gur eisean a chuir ann é. Nuair a chuaidh sé go dtí an teach, chuir an bhean ceist air ca rabh sé ag dul agus dubhairt seisean gur fear a ‘Toighe a chuir ann é go maidín. Dubhairt sise nac [gCanígbheocha]? sí é, agus d’iarr air a bheith ag imtheacht. Rith sé amach arais agus sheas sé ar an tsráid. Bhí fuinneog bheag ar bhinn a thoighe agus sheas sé annsin ag amharc isteach. Ní rabh sé i bhfad ann go dtainig fear isteach agus buideal fíona leis. Thug sé gloinne duithe agus d’fhag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Na Brocacha, Co. Donegal