School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 407
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé an cuid eile ‘sa cómhra. Bhí tae agus siucra leis fosta agus d’iarr sé uirthi an tae a dheánamh. Nuair a bhí an tae ólta aca, d’fhág siad an tae agus an siucra fa cómhra fosta. Ni rabh siad i bhfad na suide ag cainnt nuair a mhothuigh siad fear a’ toighe ag teacht. D’iarr an bhean air-san a dhul i bhfolach sa cochan i gcúl an dorais. Thainig fear a toighe isteach agus d’fhiafraigh sé do’n mhnaoi ar dtainig fear a bhí ar seachran isteach. Dubhairt sise nach dtainig. D’innis seisean an sgéal duithe mar thainig an fear chuige ar an chnoc, agus gur h-iarr sé air a theacht ‘un toighe go maidín. Chuaidh sé amach agus fuair sé an fear as na Rosaibh ag Bun an Toighe. Dubhairt sé leis nach [gcougbheochadh]? a bhean é. Thug sé isteach é agus thug a shuipéar do. Nuair a bhí siad ag comhradh tamall beag dubhairt fear an toighe leis gur chuala sé [aríamh]? go dtiocfadh le muintir na Rosann cuid mhór cleasanna imirt, agus dubhairt seisean go dtiocfadh. D’iarr fear an toighe air cuid aca a imirt anois. D’ amharc sé thart agus connaic sé cliathaire crochta ar an bhalla. D’iarr sé ar fhear an toighe é a thabhairt do. Bhuail sé buille air agus d’éist leis an torman, a rinne sé. D’iarr sé ar fhear an toighe amharc sa chóra agus go bhfuigheadh sé buideal fíona. Dubhairt seisean nach a leithid sa tigh, acht mar sin féin d’amharc sé agus fuair é. D’ól siad a rabh sa bhuideal. Bhuail an Rasamach buille eile ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Ó Dómhnaill
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    Na Brocacha, Co. Donegal