School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 422
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Am ámháin bhí bean ann agus ní rabh aici acht aon mhac amháin. Chuir sí ar shiubhail é an lá seo agus nuair a bhí an oidhche ag teacht d’iarr sé lóistin sa teach seo. D’iarr an bhean air fanacht go maidin. Bhí fear a’ toighe ar shiubhal ag airnéal an oidhche seo. Thainig fear isteach a gh’ airnéal chuig an bhean agus an buachaill. I dtratha am luighe thainig fear a’ toighe isteach agus chuaidh an fear eile I bhfolach faoi’n leabaidh. Nuair a bhí an fear tamall astoigh labhar an bhean leis. “Tá buachaill as na Rosaibh annseo anocht ar lóistin”. “Cá bhfuil sé”? arsa fear a’ toighe. “Tá sé na luighe shuas ar an lafta sa chochan”. D’imthigh an fear suas agus d’iarr sé air éirighe. Thainig an bheirt acu anuas arais. Tamall na dhiaidh sin d’iarr an fear air cleas a imirt do. Dubhairt fear a’ toighe leis gur mhothuigh sé go minic go rabh muinntir na Rosaibh maith ag imirt cleasannaí. D’iarr sé ar a bhean an tae a dheanamh. Dubhairt sise nach rabh aran ar bith deánta aici. “Amharc ins an phrios agus gheobhaidh tú giotha árain ann. Rinne an bhean an tae annsin agus nuair a bhí an tae ólta acu, d’éirigh fear a’ toighe. “Caithfidh sé go bhfuil an diabhal fan teach seo” ar seisean “agus caithfhidh tusa é fhághail dámh”. D’iarr an buachaill air a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1360B: Flight of the Woman and her Lover from the Stable
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal
    Informant
    Cait Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal