School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 439
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- OIDHCHE FHÉILE BRÍGHDETá Lá 'le Bríghde ar an 1adh lá de mí Feabhra. Coingbhuigeann siad suas na sean ghnáis sa cheanntar seo go foíll. Ar Oidhche 'le Bríghde bíonn súipear bhruitín againn. An trathnóna sin baintear na feaga agus fághtar amuigh ag an doras cúl iad go mbéidh an súipear thart. Nuair athá an shúipear thart, téigheann bean a' toighe amach go dtí an doras cúil, agus sgairteann sí,"Gaibhaigidh ar mbur ngluínibh, foscailighidh mbur súile agus leigididh isteach Bríghid"Beireann an teaglach athá astoigh freagra uirthi:-"Sé beatha , 'Se beatha, 'Se beatha na mhná uaisle"Tigheann bean a' toighe isteach annsin, agus toisigheann siad a dhéanamh chrósog. Nuair athá na crosogaí déanta acha cuireann siad í leat taobh iad go maidin. Annsin cuirtear ceann i ngach coirnéal sa teach ins na seomraí agus ins na boithigh.
OIDHCHE FHÉILE EOINBíonn teinteacha móra amuigh ag achan dhuine an oidhche sin, cionnus gur sin an oidhche a tháinig Naomh Pádhruig go hÉirinn. Cupla lá roimhe Oidhche Fhéile Eoin bíonn muid ag cruinnuighadh gráigeacha, cúipiní, sean-chrainn, dreiseogaí, agus sean-aithinneach. Bíonn an teaglach uilig amuigh, agus iad ag caitheamh(continues on next page)- Collector
- Siubhan Ní Chearrain
- Gender
- Female
- Address
- Cró na Sealg, Co. Donegal