School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 409
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal eile (gan ciall.)
    Stócach óg a bhí ag na leas-mhathair agus chuir sí faoi gheasa é. Rinn sí capall bán do a’ chead uair go n-íosfad sé fríd na pairceannaibh na go bhfuighiadh sé amach an laoigh aonuigheacht na an iní sgéalaidheacht. Bhí sé fríd na pairceannaibh na gur thóg sé trí searraigh agus i ndeireadh an ama seo thainig sé chuici arais agus chuir sí ceist air a bhfuair sé amach é. Dubhairt sé nac bhfuair. Rinne sí cú do annsin agus bhí sé ag siúbhal fríd na cnuic gur thóg sé trí coilean. Thainig sé chuicí arais agus chuir sí an ceist ceadna air agus tugadh an freagar ceadna dí.
    Rinne sí cailín do annsin agus bhí sé ag imtheacht fríd an chaillidh go dtainig fear uasal thart lá amháin agus thug leis í agus bhí sí ag an fhear uasal gur thóg sí truir mac. Bhí sí amuigh ag siúbhal oidhche amháin agus bhí dha préachan dubha ar bharr na mbeann. Sgairt ceann amháin aca leithi an bhfuair sí an freagar agus dubhairt sise nach bhfuair. D’innis an préachan dithe annsin goidén míniú a bhí le [Mé]? Sgéalaidheacht :- “Beannacht fhághail duit féin agus do do caírdibh an lá a gheobhas tú bás”. Annsin thainig sé chuig an leas-mhathair arais agus d’fhiafraigh sí do an bhfuair sé an freagar agus dubhairt sé go bhfuair. D’innis sé dithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Ucht Mín, Co. Donegal