School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 421

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 421

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 421
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean Scéal.
    Am amháin bhí fear ann agus bhí trí mich aige. Bhí cuid mhór talaimh ag an fhear seo agus bhí sé iongantach saidhbhir. Nuair a fuair sé bás cuireadh é sa reilg agus bhí na mic iongantach buadhartha na dhiaidh. An lá ar na bharach nuair a chuaidh an mac a ba sine na reilige le paidir a chuir leis. Bhí an chomhnair anios os cionn an talmhan. Chuaidh sé na bhaile agus d’innis sé do a dhearbhrathair cáidhe a bhí cearr. D’ímthigh an gasúr óg annsin agus chuir sé páidir leis, acht bhí an chomhnair an dóig chéadna ar fad. D’innis an gasúr do’n t-sagart cáide bhí cearr agus thainig an sagart. Chuir an sagart ceist ortha ar mhaith leobtha fios a bheith acha cad-thuige a rabh seo mar seo, agus dubhairt siad-san gur mháith. Dubhairt an sagart leobtha go rabh dúil mhór ag an fhear seo ag ithe cuid na muinteire eile, agus chreid na daoine uilig é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Cró na Sealg, Co. Donegal
    Informant
    Méadbha Ní Chéarrain
    Gender
    Female
    Address
    Mín Leic na Leabhar, Co. Donegal