School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 603

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 603

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 603
  3. XML “Séanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Am amháin bhí gasur ann agus Seaghan Uá Baoighill a b’ainm do bhí a athair agus a mhathair iongantach bocht. Cuireadh Seaghan ar fastac i gcondae Thir Eoghain ac nior thaitin an ait leis agus phill sé na bhaile arais. Ar a bhealach na bhaile tháinig an oidhche air agus chuaidh sé ar seachran bhí sé ag dul thart le crann ionghantach ard agus chuaidh sé suas ar an chrann go bfeicfeadh sé an rabh solas le feiceal in ait ar bith.
    Le sin chonnaic sé solas i bfad uaid d’imthigh sé leis agus nior stad se go rabh sé ag an solas chuaidh sé isteach. Bhí capall geal ban ceangailte ins an ceann ioctarach de’n toigh agus bhí sgaifte de fir nach rabh nios airde na fod monad na suuidhe thart fa’n teinidh. Mile failte romat a Sheaghain Ua Baoighill arsa gac fear de na fir. Shuidh siad uilig thart ar an teinidh i gcionn tamaill dubhairt na fir go gcaithfeadh siad a dhul amach na coillidh fa choinne adhmadh. Cía a fhanocas astoigh ag an capall assa fear amháin acá ma imthigheann muid uilig doighthear an capall sa teinidh. Cía a fanochadh astoig ach Seaghan Ua Baoighill arsa na fir eile ní leigfeadh an eagla do Sheaghan cur suas do fhanact astoig.
    Maith go leor arsan fear eile anois a Sheaghain arsa eisean ma bhíonn ribhe amháin doigte san capall teacht arais dúine beidh daor ort annsin d’imthigh siad amach. Bhí Seaghan comh tuirseach sin gur thuit sé na codhladh agus an cead rud a mhusgail é boladh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Ua Cealbhaighe
    Gender
    Male
    Address
    Na Brocacha, Co. Donegal
    Informant
    Pádraig O Domhnaill
    Gender
    Male
    Address
    Na Brocacha, Co. Donegal