School: Mín an Tóiteáin

Location:
Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
Teacher:
Conall Mac Cuinneagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 431

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1057, Page 431

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Tóiteáin
  2. XML Page 431
  3. XML “An tAonach”
  4. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    achan phunnta a gheibheann sé, agus [laicse]? an t-ainm atá air an t-airgead sin. nuair atá an beataidigh ceannuighthe gearrtar cuid acha le siosúr, cuirtear dhath dearg air cuid acha fosta, agus gearrtar giota de’n chluais de chuid acha, le marchanna a chuid ortha. Bheireann an fear a dhíolfas an ceannrach a bhíos thart ar mhúineal an chapaill no an bhó do’n fhear eile. Aonach an t-Samhraidh agus Aonach an Gheimhridh na h-Aontaighe is mo sa cheanntar seo. Bíonn aonach ann í gcómnuidhe fa-choinne caoirigh agus capaill agus sin Aonach an Gheimhridh. Aonach an Gheimhridh is fearr de na capaill agus Aonach an t-Samhraidh is fearr de na caoirigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Leighiseanna.
    Leighis do’n truch.
    Trí dheoch uisce a ól amach as béal brice agus annsin ní bhéadh an truch ort níos mo.
    Leighis d’on bhruicineach.
    Cul -fáich a chur síos ar bhraon bainne agus é a bhruith go maith agus nuair atá sé bruitte caitheann muid ar shiubhal an chúl-fáich agus ólann muid an sugh.
    Leighis eile fa choinne an truch.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Mín Doire Thoirc, Co. Donegal