20/03/2023 Weekly Pick  (See more »)

School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inishmaan, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe

Filter stories

Back
/ 10_023 Forward
Resolution: Low | High
Inis Meáin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_008

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

san samhradh bhí an t-uisge gann agus níor bhféidir léithi aon deóir uisge fhághail. Chuaidh sí isteach ag tobar Cinn Dheirge agus thug sí an t-uisge as agus d'imthigh sí abhaile. Chuir sí an t-uisge ag bruith fataí agus dá mbeadh na fataí shíos ó shoin ní bhruithfeadh síad, b'éigin dí an t-uisge a bhaint asta arís agus uisge eile a chur ionnta agus bhruith na fataí dhí annsin. Bíonn uisge ins gach ceann aca i gcomhnaidhe. Níl fhios ag aoine cé'n chaoi ar eirigh aon cheann aca ar dtús, agus níor chualaidh mé ariamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann aca. Níor chualaidh mé ariamh gur thug aon duine aon iarracht ar aon tobar aca thiormú na a dhúnadh.

San bhfoghmhar bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus áirní. Bíonn muid ag imirt sgreaga freisin bhfoghmhar. Lá Fhéile Pádhraig bíonn muid ag buaileadh cead, bíonn muid ag breith ar éanacha le ciseóga san nGeimhreadh agus ag tóraigeacht coiníní. Nuair a bhíonn

(continues on next page)
Collector
Bairtle Ó Cualáin
Gender
male
Address
Carrownlisheen, Co. Galway
Informant
Micil Ó Cualáin
Gender
male
Language
Irish