School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 05_009
  3. XML “Tráchtas - Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na h-oidhcheannta fada san nGeimh ann bionn muid ag déanamh púicín. Bíonn muid a' leaghadh luaidhe oidhche Shamhna agus ag cur fáine i bhfollach san nGeimhreadh. Nuair a bhidhtear ag buaileadh cead bíonn maide fada againn, bionn píosa beag de mhaide againn freisin chomh ramhar le cois sguaibe agus timcheall tri orlaigh ar fhaid. Leagtar an giota beag súas le cloich nach bhfuil chomh h-árd leis an ngiota tugtar "pist" ar an gcloich agus tugtar "cead" ar an ngiota. Buailtear an chuid de'n chead atá ós cíonn an phist leis an maide mór agus eirigheann an giota súas san aér buailtear go láidir leis an maide mór é annsin agus cuirtear tamall maith as láthair é, sin é an chaoi a n-imrigheann muid an cead. Sé an chaoi a mberitear ar na h-Eanacha ná gheibhtear ciseóg, tá an chiseóg déanta as slata salaighe fighte ar a chéile agus cuma croinn air timcheall troigh ar fhaid agus an méid chéadhna ar léithead, agus fáightear maide timcheall leath troigh fhaid. Cuirtear an chiseóg ar a béal fuithe agus cuirtear an maide faoi an gciseóig ceann de sáidhte go h-éadhtrom san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bairtle Ó Cualáin
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Lisín, Co. Galway
    Informant
    Micil Ó Cualáin
    Gender
    Male