Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 03_031
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 19adh Meadhon Foghmhair 1938
Bhí mo shean athair oidche bhealtaine fadó amuigh ins an mbuaile pharteach ar na craga go deireannach san oidche ag faire bó a bhí le laoigh a bhreith.
Dfhan sé ann go deireannach an t-am seo. Acht ar deire nuair a bhí cosa an laoigh leis an mbó, do caitheadh síd na sidheogaí leis ach níor teangmhuigh sí leis. Rug sé orra agus rith sé isteach an róidín léi agus shroich sé an teach sa deire agus chuir sé an sid ins an ngarraide agus nuair a deirigh sé ar maidin bhí an sid tugtha as. Annsin nuair a bhí a bhricfeasta ithte aige chuaidh sé amach go dtí an bhuaile bháin agus caitheadh sleag leis acht níor teangmhuig sí sin leis acht oiread. Agus trathnóna an lae sin ní raibh an bhó sa mbuaile agus bhí sé dhá toruighedacht agus ní bhfuair sé i go dtí ar maidin.- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus