Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 07_050
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí currach as an Oileán seo lá ag iascach timhceall aimsir an chogaid mhóir agus bhíodar amuigh ag ceann na bfaochan agus nuair a bhí siad ag iascach chuaidh siad tamhall amach ar an doimhneacht agus nuair a bhí siad ag iascach sheas fear aca suas san gcurrach féachaint amach ar an bhfairrge agus dubhairt sé go bhfaca sé rud mór bán amuig san bhfairrge. Dubhairt sé leo bheith ag iomrádh amach agus shuidh sé féin síos ar an seas agus bhi sé ag iomrádh amach freisin. Bhí siad ag dul amach go maith agus déirigh an fear ceadna na seasamh aríst agus chonnaic sé an run céadna, ach bhí sé a bfad amach. Má bhí fhéin do coinigheadar ortha ag iomrádh agus ba ghearr go raibh siad glanta amach thar an Oileán. Ach bhí sé abhfad amach comh maith céadna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Móinín na Ruaige, Co. na Gaillimhe