Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_037
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 3adh Deireadh-Foghmhair 1938
Sgéal
Do bhí fear fadó ann. Bhí sé amuigh ins an oidhche ar cuairt agus nuair a bhí sé ag teacht ó cuairt chuaid sé thar theach na sidheóg. Oidhche samna do bhí ann agus do bhíod na sideoga bailighte le chéile an oidhche sin. Nuair a cuaidh an fear thar an teach d'airigh sé na sidheoga istig. Sheas sé suas tamaill beag agus chuir sé cluas ar féin ag éisteacht leo. Do bhí an doras ar oscail aca agus bhreathnuidgh an fear isteach orra. Do bhí siad ag déanamh spórt agus ag rinnce doibh féin. Do chuaid an fear isteach i ngan-fhios dóib agus chuaidh sé ag déanamh spóirt in éifeacht leo. Do bhí téad aca agus iad ag deanamh spóirt leis. Do ghoid an fear an téad na sidheoga agus abhaile leis. Chuaidh na sidheoga amach na diadh ach bhí sé ag baile an uair sin agus sin é deire an sgéil sin.
Sorcha Ní Conghaile- Bailitheoir
- Sorcha Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann