Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_023
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Reilig.
Tá dhá reilig san oiléan. Reilig Cheanannach agus Reilig an sean-theampaill. Tá Reilig Cheanannach suidhte ar thaobh na láimhe clé de'n slip agus ar an taobh thoir de'n Oiléan. Tá an sean-teampall suidhte thíos ar an mhuirbheac ar an mbealach ag dul síos go Ceann Gainimhe. Cuirthear daoine i Reilig Cheanannach acht ní cuirthear aon duine ins an sean-teampaill. Tá cuma cruinn ar an sean-teampaill agus cuma cearnógach ar an reilig. Tá fothrach Chille istigh i Reilig Cheanannach agus tá crann beag ag fás istigh ann agus tá fuinneóg ar an mbinn ó thuaidh agus doras ar an dtaobh ó dheas. Ní cuirthear aoinne istigh ann. Tá an Reilig léibhéalta. Tá crann ag fás istigh ann agus tá sgeacha bheaga ann freisin. Tá sean-crosanna istigh ann. Dara Ó Conghaile.- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann