Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 06_024
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_024
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó, agus is fadó a bhí. Bhí triúr mac aige. Lá amháin chuir siad amach na líonta, agus go leór daoine eile. Bhí an lá go han bhreágh, acht nuair a tháinig an oidhche. D'éirigh an fhairrge agus tháinig gála agus ar maidin ní raibh aon churrach i nann dul amach ag tógeáil na líonta. Do réir mar bhí na báid ag dul amach bhí siad á mbáthadh. Nuair a bhí an triúr mac seo ag imtheacht ag tógéal na líonta. Bhí an t-athair ar an leaba agus é tinn. Dubhairt sé leis an mac ba shine píce a fhághail agus splannc a chur ar an spíce a bhí ar a bhárr agus nuair a bhédh an tonn mór ag teacht an píce a chaitheamh ann agus go mbhéadh leo acht níor thug sé leis é. Dubhairt sé leis an dara mac é acht níor thug. Dubhairt sé leis an tríomhadh mac é agus thug. Máirtín Ó Conn Ríogh an t-ainm a bhí ar a n-athair agus ní raibh sé in ann dul i n-éinfheacht leo. Thug an mac ab'óige leis an píce agus an spannc, agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann