Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 04_006
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 04_006
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 22adh Mí na Nodhlag 1938
Bi fear an fadó agus bhí sé an saidhbhir mar bhí sé ag díol poitín. Is amuigh ar na craga a bhí teach aige gar do "chromal".
Ní raibh aige acht teaichín beag ach mar a raibh fhéin bhí sé an saidhbhir mar bhí sé ag deanamh go leór de'n phoitin agus dhá dhíol go daor ar fuid an oileáin. Ba maith an fuisgí a dheanfhadh se agus bhí prionnda aige freisin agus sé an rud a dheanad sé ghreamochadh sé páipéar bán ar an mbuidéal agus phriondáileach an rud seo air:-
"10 Years old the best Whiskey".
Teasbáineadh sé é sin nuair a theigheadh sé isteach ins na tighthe agus deireadh sé gurb é sin an fuisgí a bfhearr sa domhan gurb é Rí na Spáinne thug dhó é agus gur dubhairt sé leis gurb é sin an fuisgí a bfhearr sa domhan. Bhí sé ins an Spáinn ar feadh bliana ag obair do'n Rí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe