Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)

Suíomh:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 02_011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Meáin
  2. XML Leathanach 02_011
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Rudaí Neamhshaolta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mé ariamh gur leighiseadh aon duine in aon cheann aca. Bíonn cuid de na daoine ann a ólann uisge as an tobar. Fágann na daoine a théigeann ann rudaí beannuighthe ann. Bíonn siad leagtha ar na craobha beaga atá ann. Tugann daoine an t-uisge abhaile leo.
    Dara Ó Conghaile
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 31adh Márta 1938
    Rudaí Neamh-Shaoghalta
    Bíonn daoine a rádh go bhfacadh daoine a bhí ag teacht ó iasgach bád mór ar an bhfairrge tamall gearr uatha agus do bhí siad ag dul go dtí í agus do ghabhadh sí faoi uisge. Nuair a bhí siad ag dul isteach do bhíodh an bád le feiceál aca ag dul faoi uisge agus ag éirghe ar bhárr an uisge. Oidhche amháin fadó bhí fear ag teacht ó chuairt agus do rug na sidheóga air agus dubhairt siad leis go marochadh siad é agus dubhairt sé gur chuma leis. Mar sin féin ní dhéarna siad aon nídh air an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dara Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann