Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_016
- XML “Eadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí tháilliúr san áit anois agus níor raibh ann fadó ach aon táilliúr amháin. Is ins an teach a oibrigheann siad anois ach bhíodh an táilliúr fadó ag imtheacht ó theach go teach. Is amhlaidh a theigheadh na daoine ag glaodhach air le cultracha éadaighe a dhéanamh do mhuintir an tighe. Ní bhíonn aon éadach sa teach aca le díol ach is ag na daoine feéin a bhíonn's sé.
Is cultacha do éadach olna a bhíonn's fighthe as togha na holna a chaitheann's na daoine san áit. Is sin é an sórt éadaigh a bhíodh na daoine ag caitheamh san áit ó thús an tsaoghail agus a bheidheas siad a' caith go deo san áit.
Bíonn go leor gléasanna ag an táilliúr le obair a dhéanamh. Bíonn siosúir, miosúr, méaracán, snáthad, spól, cailc agus inneall fuaghála ag an táilliúr. D'airigh mé sean scéal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe