Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 09_008
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuirtear fatai ar an bfheirm sa mbaile gach bliain. Cuirtear sean leasú ar an talamh sul mar cuirtear fataí ann. Is é an ní leasú na feamhainn thirim a churtear ar an talamh seachmhain sul mar cuirtear é. Annsin cuirtear na fataí ann. Déantear iomairí annsin agus cuirtear na fataí ionta. Déantear iomairí annsin le spáid a ceannuighthear i nGaillimh.
Is é an caoí a gchuirtear fataí na gearrtar síolta i dtosach as fataí a mbhíonn súil orra, cuirtear i gcléibh annsin íad ar feadh seachtmhaine nó mar sin le searagad. Is é an sórt rud é an síol na an chuidh de'n fhata a mbíonn súil air. Gearrtar den an fhata an t-súil agus tugtar sceaimhím ar an gcuid de'n fhata nach mbíonn súil air. Annsin i gceánn seachtmhaine sáithtear íad le maide sáithte agus dúntar an poll na ndiaidh. Cabhruíonn na chomursain le chéile ag cur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann