School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 05_007
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí agus thug sé an crois leis agus níor chualadh aon duine as an Oileán aon tuairisg air uaidh sin amach agus ní fhacad síad an chrois uaidh sin amach acht oiread. Ní tugtar aon turas go dtí tobar Íslemáin chor ar bith. Deirtear go raibh naomh ins an Oileán fadó agus sé an t-ainm a bhí air "Isleamán". Bhí sé lá ag dul thar an tobar sin agus bhí tart air. Chuaidh sé ar a dhá ghluin ag an tobar le deoch a ól agus d'fág sé lorg a dhá ghluin agus lorg a dhá láimh ins an leis, agus tá an lorg sin le feiceál ann ó shoin agus sin é an fáth a dtugtar tobar Isleamáin air. Ní tugtar aon turas ag tobar Cheannach anois acht oiread acht fadó bhíodh go leór daoine ag tabhairt turais go dti é. Ní tugtar turas go dtí aon tobar aca acht go tobar Chinn Dheirge agus fágann gach a thugann turas go dtí é sin rud éigin ann, airgead, biorán, snátha agus rudaí mar sin i dtum eidhin atá ag fás istigh ann. Tá trí fhaoca mhóra ag an tobar agus ólann gach duine a theigheann ag tabhairt turais ann trí lán faoch aca sin. Bhí bean ins an oilean tamall ó shoin agus am éigin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Bairtle Ó Cualáin
    Gender
    Male