School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 10_020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 10_020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 10_020
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí baintreabh ann fadó agus bhí aon mhac amháin aice. Bhíodar an bhocht ach bhí aon chapall amháin aca agus chuaidh an mach chun an aonaig chun an capall do dhíol. Nuair a tháinig sé go dtí an ait na raibh an t-aonach tháinig da ceannuigtheóiri chuige agus d'fheifruigh siad dhó an ndhíolfad sé an capall. Dubairt sé nach ndhíolfaid sé an capall ar go leór, mar nuair a theasteóch airgead uaidh nach raibh aige ac buille de mhaide a thubairt di agus go caithfeadh sí leath-ch'róinn aiste féin. Leis sin chuir an mac lámh i na phóca agus chaith sé leath-ch'róin faoi chosa an chapall i ngan fíos dhóibh. Agus dubhairt sé annsin go b'í an capall a chaith aiste í. Tughadar carnán mór airgid dhó ar an gcapall. Chuaidh sé abhaile agus bród mór air. D'imthigh na ceannuigtheóirí annsin agus caithadar a gcuid airgid go fánach ag súil go dtiubhradh an gcapall dhóib. Nuair a bhí a raibh aca caitthe buail duine aca buille ar an gcapall ach mhá buail fhéin ní raibh aon maith dho ann. Bhíodhar ag buladh an chapaill
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Fláithbheartaigh
    Gender
    Male