Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_028
- XML “Tráchtas - Gníomhartha Gaisce”
- XML “Trachtas - Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an n-oileán seo rása currach. Micil Thomáis, Máirtín Sheáin Pheigín agus Máirtín Ruaidhrí Beag an t-ainm a bhí orra agus ba mhór an buadh dóibh é sin. Bhí rástaí i gCill Rónáin an samhradh seo caite, rástaí currach agus rástaí cos a bhí ann agus is ag muintir an oileáin a bhí an buadh.
- Le fada de bhliantaibh bhí go leor scoileanna ann roimh na scoileanna náisiúnta. Bhí ceann aca i Móinín na Ruaige agus ceann ar Bhaile an Teampuill. Is múinteoirí stráinséardha a bhíodh ag múineadh ins na scoileanna sa am agus is ins na tighibh a chomhnuigheadh an múinteoir. is Béarla is mó a mhúintí ag an am sin. Is sglátaí a bhíodh ag na daoine an uair sin a' sgríobh leob. Bhíodh na maighistrí tamall fada san áit fadó. Bhíodh siad tuairim agus leath scór blianta ins an n-oileán. Bhíodh meas ag na múinteoirí ar na daoine an t-am sin mar bhíodh siad ag múineadh go leor do na sgoláirí agus bhíodh siad i ndan an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway