san samhradh bhí an t-uisge gann agus níor bhféidir léithi aon deóir uisge fhághail. Chuaidh sí isteach ag tobar Cinn Dheirge agus thug sí an t-uisge as agus d'imthigh sí abhaile. Chuir sí an t-uisge ag bruith fataí agus dá mbeadh na fataí shíos ó shoin ní bhruithfeadh síad, b'éigin dí an t-uisge a bhaint asta arís agus uisge eile a chur ionnta agus bhruith na fataí dhí annsin. Bíonn uisge ins gach ceann aca i gcomhnaidhe. Níl fhios ag aoine cé'n chaoi ar eirigh aon cheann aca ar dtús, agus níor chualaidh mé ariamh gur leigheasadh aon duine in aon cheann aca. Níor chualaidh mé ariamh gur thug aon duine aon iarracht ar aon tobar aca thiormú na a dhúnadh.Geraldine MerrifieldSan bhfoghmhar bíonn muid ag piocadh crúibíní, sméara dubha agus áirní. Bíonn muid ag imirt sgreaga freisin bhfoghmhar. Lá Fhéile Pádhraig bíonn muid ag buaileadh cead, bíonn muid ag breith ar éanacha le ciseóga san nGeimhreadh agus ag tóraigeacht coiníní. Nuair a bhíonnAnaithnidGeraldine Merrifield