School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí ár Slánuightheór a' fágháil bhais chonnaic an spideog é agus an fuil ag sileadh ó' na éadan agus tháinig sé de cabhair air. Bhí sé ag iarraidh na tairgne a tharraingt as a lámha agus thuit cuid de'n fhuil ar a bhrollach agus deirtear gur sin é an fáth go bhfuil brollach dearg air go dtí an lá indiu.
Nuair a bhí an Mhaigdean Mhuire, Naomh Seosaim agus Íosa ag teicheadh ó na Iúdaigh deirtear gurb é an dreolín a dubhairt "Indé Indé" agus leis sin gur thug se tuairish o Saighdiúirí Herod.
Uair amháin fuair an chearc agus an lacha mioscán ime. Díth an chearc a cuid féin de'n im acht do chuimil an lacha an tim dí féin agus ar an(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Informant
- Mícheál Mac Ging
- Gender
- Male
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo