School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 147
- XML “An Garbh Mór agus Fianna Éireann”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin chuaidh sé'léím idir an cholainn agus an ceann no dá dtéigheadh an ceann ar an cholainn arís ní rabh oiread Fiann i n-Éirinn agus sgarfadh o chéile iad.
- Bhi fear ann uair amháin agus bhi triút=r mac aige, agus ní rabh de thalamh aige ach coillidh chrann. Nuair a fuair sé bás d'fhág sé cam agus díreach ag fear aca. D'fhág sé úr agus sean ag an dara fear agus d'fhág sé faoi'n talamh agus os a chionn ag an tríomhadh fear. Nuair a bhi a n-áthair curtha thoisigh an triúr mac a throid fá'n oighreacht. Bhi gach duine a'meas gur leis féin an talamh. Lá amháin dá rabh siad a'troid mar seo casadh fear leo agus d'fhiafruigh sé díobhtha cá tuige a rabh-siad a'troid. Dubhairt fear aca go bhfuair a n-áthair bás agus gur fhág sé an talamh aige-sean.
-Chán agat a d'fhág sé é," arsa an dara fear-
"ach agam-sa."
"Chan ag ceachtar agaibh a d'fhág sé é ach(continues on next page)