School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 147
  3. XML “An Garbh Mór agus Fianna Éireann”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhi fear ann uair amháin agus bhi triút=r mac aige, agus ní rabh de thalamh aige ach coillidh chrann. Nuair a fuair sé bás d'fhág sé cam agus díreach ag fear aca. D'fhág sé úr agus sean ag an dara fear agus d'fhág sé faoi'n talamh agus os a chionn ag an tríomhadh fear. Nuair a bhi a n-áthair curtha thoisigh an triúr mac a throid fá'n oighreacht. Bhi gach duine a'meas gur leis féin an talamh. Lá amháin dá rabh siad a'troid mar seo casadh fear leo agus d'fhiafruigh sé díobhtha cá tuige a rabh-siad a'troid. Dubhairt fear aca go bhfuair a n-áthair bás agus gur fhág sé an talamh aige-sean.
    -Chán agat a d'fhág sé é," arsa an dara fear-
    "ach agam-sa."
    "Chan ag ceachtar agaibh a d'fhág sé é ach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Fuaruisce
    Gender
    Female
    Address
    Caoldroim Íochtarach, Co. Donegal