School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 242
- XML “Scéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a dubhairt a bhean a tháinig isteach go rabh cófra thíos a gcionn an toighe agus go rabh dhá dhuisín uibheach ann. Chuaidh an bhean fhad leis an chófra agus thug sí dhá uibh dithe as. Thug ag bean a tháinig isteach buidheachas mór díthe agus dubhairt sí go rabh sise i n-a comhnuidhe ins an bhinn thíos de'n teach. Le sin d'imthigh sí as amharc isteach sa bhinn agus deirtear go bhfuil an bhinn sin fliuch ón lá sin go dtí an lá indiu.
- Bhi stocach beag ann uair amháin agus níor choruigh sé as an chludaigh go rabh sé i n-a ghasúr mhór. Lá amháin dubhairt an mháthair leis go gcaithfeadh sé an chlúdaigh a fhágail agus rud éigin a dheánamh dó féin. D'imthigh sé agus chá dtáinig sé arais go ceann bliadna. Bhi claith mhaith air a'theacht dó(continues on next page)