School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 309
- XML “Cleas an Chnaipe”
- XML “Cleas na Slise”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agam. Is fiú na céadta mílte puinnt é."
D'fhíafrochadh an fear a bhí ar a ghlúine. "An síoda, na sról no ball cailín óig é?"
D'freagrochadh an fear eile.
"Tá sé i n-a shíoda, a's in-a shról agus i n-a bhall cailín óig (ma ba le cailín é) " agus i n-a bhall buachaill oig" (mas ball buachalla é) "Caidé an pionus a chuirfeas tú air?"
Cuirfeadh an fear a bhí ar a ghlúine pionús ar an duine ar leis an geall. Bhéadh aige le rud éigin a dhéanamh nach dtaitneochadh leis go ró mhaith go minic, mar a bhróga a bhaint dó, duine eile a phógadh sr; Mar gcuireadh sé dó an pionus ní bhfuigheadh sé an geall. - Seo cluiche a bhíthear a imirt go minic ins na Rosaibh san áit ar tógadh mé nuair a bhí mé i mo ghasur. Bhi sliseóg adhmaid tuairim ar throigh ar fad agus smíste agus cnag "guttie" a dhith leis an chleas seo a imirt. Dhéanfadh duine de'n(continues on next page)