School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 331

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 331
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is í an ghaoth aníar ndeas is minice bheir baisteach chugainn i n-íar Dhún-na-ngall. Bheir an ghaoth anoir aimsear chruaidh shiocain chugainn agus ceathaideacha sneachta acht nuair a thuiteas an sneachta go buan trom is leis an ghaoth anoir ndeas a thog sé de ghnáthach. Gheibhmid aimsear thirm chruaidh leis as ghaoth adtuaidh agus i n-amanna nuair a théid an ghaoth i mbun thoir dtuaidh is minic a fhanann sí sa bhun sin ar feadh cúpla mí. Ar feadh an ama sin bíonn an aimsear fuar agus ceathaideacha troma ann idir amannai.
    Deir daoine ma théid an ghaoth a athrú as bun gur maith an cómhartha í cúrsa na na gréine a leanstan; sin ma tá sí i mbun san áird thoir i athrúghadh go dtí thoir ndeas, o dheas, thiar ndeas, thiar srl. Ma gnídh sí sin airigheann na daoine go mbéidh an aimsear maith. Ma áthruigheann sí i n-aghaidh chúrsa na gréine deir daoine gur chómhartha droch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish