School: Gort an Choirce (roll number 11815)

Location:
Gortahork, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Filter stories

Back
/ 351 Forward
Resolution: Low | High
Éamon na Bealtaine

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 197

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhi fear thuas ar an Bheáltain Uachtraigh uair amháin darbh ainm Éamon Mac Fhionnloaich. Bhi sean bheáthach bán aige. Lá amháin bhí sé ag tóramh agus thug sé leis an beáthach. Bhi an oidhche ann ag pilleadh dó agus bhí brat sneachta ar an talamh. Nuair a tháinig sé abhaile d'fhág sé an beáthach amuig agus ar éirigh ar maidín dó bhi an beáthach marbh. Thug sé leis sgian agus bhain sé an croiceann agus na cruitheacha de'n bheáthach agus tháinig sé anuas chuig gabha.
Bheil lain leis na cruitheacha agus d'íarr air claidheamh a dheánamh as na cruitheacha agus d'íarr air claidheamh a dhéanamh as na cruitheacha a mbéadh an rann seo innlighthe ann. "Dá chéad marbhtha le gach buille". Dubhairt an gabha nach mbéadh sé ar chumas fir ar bith a letihid d'éacht a dheánamh. Thug Éamon leis casúr, chuaidh amach go dtí an doras an áit a rabh aoileach beáthach a rabh mórán ciaróg ann. Thug sé buille de'n chasú díobhtha agus ar seisean leis a ghabha "Marbhuigh mé dhá chéad de na ciarógai agus chá dtug mé

(continues on next page)
Collector
Seosamh Mac Aodha
Gender
male
Address
Killult, Co. Donegal
Informant
Hanraoi Ó Briain
Gender
male
Age
40
Address
Derrybeg, Co. Donegal
Language
Irish