Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin chuaidh sé'léím idir an cholainn agus an ceann no dá dtéigheadh an ceann ar an cholainn arís ní rabh oiread Fiann i n-Éirinn agus sgarfadh o chéile iad.
- Bhi fear ann uair amháin agus bhi triút=r mac aige, agus ní rabh de thalamh aige ach coillidh chrann. Nuair a fuair sé bás d'fhág sé cam agus díreach ag fear aca. D'fhág sé úr agus sean ag an dara fear agus d'fhág sé faoi'n talamh agus os a chionn ag an tríomhadh fear. Nuair a bhi a n-áthair curtha thoisigh an triúr mac a throid fá'n oighreacht. Bhi gach duine a'meas gur leis féin an talamh. Lá amháin dá rabh siad a'troid mar seo casadh fear leo agus d'fhiafruigh sé díobhtha cá tuige a rabh-siad a'troid. Dubhairt fear aca go bhfuair a n-áthair bás agus gur fhág sé an talamh aige-sean.
-Chán agat a d'fhág sé é," arsa an dara fear-
"ach agam-sa."
"Chan ag ceachtar agaibh a d'fhág sé é ach(leanann ar an chéad leathanach eile)