Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)toighe na cómhursan go dtriomuigheadh sé a chirteach mar shíl sé iad a bheith fliuch báidhte acht nuair a chuaidh sé 'un toighe bhí an t-éadach comh tirm leis an uair ar chuir sé air iad acht bhi ceann de n-a chuid méara briste agus tá go fóill.
- Bhi fear ann uair amháin agus ní rabh sé ar aonach ariamh. Lá amháin dubhairt sé leis an áthair agus leis an mháthair go rabh sé a'gabhail 'un aonaigh. Ní rabh siadsan ró shásta acht ins an deireadh dubhairt siad leis a ghabhail. Shín an mháthair cúig phunnt dó agus d'íarr air a chomhráduidhthe a thréatail. Dubhairt sé go ndeánfadh sé sin. D'imthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an t-aonach. Casadh lán lucht athantais air agus thug sé isteach iad agus thréatauk uilig iad i dtig an ólachain.
Nuair a bhi siad tréatailte aige thug(leanann ar an chéad leathanach eile)