Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Rinne mé Smaointeamh i M'Intinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I
    Rinne mé smaoitiú 'n m'inntinn agus lean mé dó go cinnte, go n-éalochainn le mo mhuinntir a-nonn 'un oileain úir;
    'Sé bhfuil mé 'iarraidh impidhe ar an Árd Rí tá mo choimpidhe, mo shábhail ar gach daingseir go gcríochnuigh mé mo shiubhal.
    II
    Shiubhail mé fiche míle 'gus níor casadh orm críostaidh,
    Bhó no capall caora chuirfeadh ingilt ar an fheár;
    Ach coillte dhluighthe's gleann tain, agus búirfeach beithidhigh állta,
    Fir a's mná a's gan aon toinnte ortha chasfa fá do mheár.
    III
    Casadh steach i dtigh mé 'gus thárla damh-sa daoine,
    D'fhíafruigh siadsan damh-sa cén taoibh ar tógadh mé;
    D'fhreagair mé i nGaedhilge gur tógadh mé i n-Éirinn,
    Lámh le bruach loch Éirne i dtoiseach óg mo shaoghail.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Fhearadaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Gheafta, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sighle Ní Fhearadaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    51
    Seoladh
    Baile an Gheafta, Co. Dhún na nGall